|
Is móilín cruinn déanta de 60 adamh carbóin é Millín Bucaí. Thug eolaithe fullairéin nó Millín Bucaí air i ndiaidh Buckminster Fuller. Ba dhearthóir agus ailtire é a chruthaigh an cruinneachán geodasach, agus tá an dá struchtúr cosúil lena chéile.
Tá cruth liathróid sacair ar adaimh móilín C60
Is icisihéadrán barrscoite é an t-ainm foirmealta atá ar an gcruth seo. Tá 32 aghaidh air, agus is heicseagáin rialta iad 20 díobh, agus is peinteagáin iad 12 díobh. Tá 60 pointe nó rinn ann mar a dtagann na haghaidheanna seo le chéile. I Millín Bucaí, tá adamh carbóin ag gach ceann de na reanna seo.
Is féidir leat samhail páipéir a dhéanamh d'icisihéadrán barrscoite. Beidh 20 heicseagán páipéir ann agus beidh siad ceangailte le chéile sa dóigh agus go mbeidh 12 spás ann a mbeidh cruth pheinteagáin orthu
|

|
 |
- Dhá chóip de Phatrún 1 clóite ar pháipéar righin. (Cliceáil ar íomhá Phatrún 1 chun comhad PDF a íoslódáil chun é a chur i gcló.)
- Cóip amháin de Phatrún 2 clóite ar pháipéar righin. (Cliceáil ar íomhá Phatrún 2 chun comhad PDF a íoslódáil chun é a chur i gcló.)
- Pair of scissors
- Siosúr
|
| Patrún
1 |
Patrún
2 |
Seo an rud atá le déanamh:
|
1. Gearr amach cóip amháin de Phatrún 1 go cúramach.
2. Bain úsáid as an seilitéip chun an dá imeall (a bhfuil an litir "C" orthu) le ceangal le chéile. Tabhair faoi deara go bhfuil cúig heicseagán ann timpeall spáis heicseagánaigh.
3. Déan an rud ceannann céanna leis an dara cóip de Phatrún 1
|
 |
|
4. Gearr amach Patrún 2Cut out. Ba chóir go mbeadh dhá phíosa agat, agus iad déanta as 5 heicseagán.
5. Bain úsáid as seilitéip chun an t-imeall "A" ar phíosa amháin a cheangal leis an imeall "A" ar an bpíosa eile.
|
 |
|
6. Bain úsáid as an seilitéip chun an t-imeall "B" ar phíosa amháin a cheangal leis an imeall "B" ar an bpíosa eile.
|
 |
|
7. Ceangail ceann de phíosaí Phatrún 1 le píosa atá tú tar éis a chríochnú i bPatrún 2, cuir seilitéip ar imill na heicseagáin mar atá le feiceáil sa phictiúr.
8. Tiontaigh é agus ceangail an chéad phíosa eile de Phatrún 1 mar a rinne tú thuas agus tá sé déanta agat.
|
 |
|
Ar ais
|
 |
| |
|
|
|