|
Leibhéal 4 Tiomáin an Nanaghluaisteán
Tá an nanadhomhan an-ait ar fad. Is iarmhairt aisteach é tollanú candaim agus is féidir leis tú a aistriú ó áit agus am i spás go háit eile agus go ham eile i spás. Samhlaigh gur rith tú thart ag bailiú na mbónas uile agus go tobann gur cuireadh ar ais chuig an tús tú agus gur athshocraíodh d'am. Nach ait é?
Ní ghreamaíonn rothaí millíní bucaí go maith de na bileoga graifín, mar sin, tá seans ann go bhfeicfear duit go bhfuil cuid amháin den domhan seo an-shleamháin. An féidir leat tiomáint ar sceabha mar a bheadh tiománaí railí ann? Tá seans ann go mbeidh ort é a dhéanamh!
Is deacair móilíní luchtaithe a bhrú síos an poll. Cé acu atá ann - an aomann luchtanna comhchosúla a chéile nó an éarann luchtanna urchomhaireacha a chéile? Nó an a mhalairt ar fad atá i gceist?
|