 |
|
| Cad is nanaitheicneolaíocht ann? |
 |
 |
| |
 |
Faoin am a gcríochnaíonn tú ag léamh na habairte seo beidh fás nanaiméadair ar fhad d'ingne! Is milliúnú milliméadair é nanaiméadar nó is billiúnú méadair é nanaiméadar. Tá ribe gruaige thart ar 80,000 nanaiméadar ar leithead, mar shampla, agus tá trastomhas 7,000 nanaiméadar ar fhuilchill dhearg, agus tá gnáthvireas thart ar 100 nanaiméadar ar leithead, agus níl dual DNA ach 2 nanaiméadar ar fad. Baineann an réimír "nano" leis an bhfocal gréigise "abhac".
Baineann an nanai-eolaíocht le stáidéar ar rudaí atá níos lú ná 100 nanaiméadar. Is minic a bhíonn obair le hadaimh aonair agus le móilíní nó le cáithníní bídeacha i gceist.
Bíonn dearadh, carachtaracht, tairgeadh, feidhmiú struchtúr, áiseanna agus córas san áireamh i nanaitheicneolaíocht. Chun na rudaí a chruthú caithfear bheith ag obair ar scála an nanaiméadair. Má chruthaítear struchtúr ar scála an nanaiméadair is féidir buntreithe an ábhair a rialú, ina measc, a leáphointe, tréíthe maighnéadacha, agus a dhath fiú, agus ní gá comhshuíomh ceimiceach an ábhair a athrú ar chor ar bith.
|
| Orla sa Nanashaotharlann |
Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh 
|
|
| |
 |
|
| Conas a fheiceann tú sa nanadhomhan? |
 |
 |
| |
| |
 |
Tá an chuid is mó de na rudaí súimiúla sa nanadhomhan a chéad oiread níos lú ná tonnfhad solais infheicthe. Dá bhrí seo, bhí ar eolaithe saghasanna nua de mhicreascóip neamhoptúla a fhorbairt chun é a fheiceáil agus chun a bheith ábalta turgnaimh a dhéanamh.
Oibríonn an Micreascóp Fórsa Adamhaigh mar a bheadh snáthaid seinnteora ceirníní ann. Bogann sé thar an dromchla is mian leat a fheiceáil. De réir mar a théann a bharr bídeach suas agus síos ar an dromchla, bogann sé géag an tseinnteora ceirníní, agus tugann an leasar an bogadh seo faoi deara.
San íomhá feiceann tú barr an Mhicreascóip Fhórsa Adamhaigh. Beidh ort seo a úsáid chun an nanaghluaisteán a chur le chéile ag baint úsáide as na millíní bucaí agus as an nanaishreang a bhailigh tú.
Leid: Más mian leat cleachtadh a dhéanamh ar chuid den chluiche is féidir leat léim go dtí an cuid sin má choinníonn tú an eochair SHIFT síos agus má bhrúnn tú 1 go 5l.
|
| Ag baint úsáide as an MFA chun an nanaghluaisteán a chur le chéile |
Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh 
|
|
| |
 |
|
| Is "cúl" an rud é an Carbón! |
 |
 |
| |
 |
Tá foirmeacha éagsúla ar an dúil Carbón, agus tá airíonna an-suimiúla ag gach ceann díobh. Bíonn naisc comhfhiúsacha láidre ann idir na hadaimh charbóin. Seo an fáth ar cheann de na hábhair is crua é an diamant (íomhá: ag an mbun sa lár) a bhfuil eolas againn air.
Sna 1990idí fuair eolaithe amach go raibh foirmeacha nua suimiúla Carbóin i súiche. Ar dtús fuair siad móilín (íomhá: barr ar clé) a raibh 60 adamh ann agus a raibh cruth liathróide air. Thug Sir Harry Kroto, Robert Curl agus Richard Smalley an Millín Bucaí ar an móilín seo agus bronnadh an duais Nobel orthu toisc go bhfuair siad é.
Fuarthas móilín (iómhá: barr ar dheis) a raibh cruth socóireach air. Tugadh Nanaiphíobán Carbóin air seo. Tá an-suim ag nanai-eolaithe in airíonna iontacha nanaiphíobán carbóin agus Millíní Bucaí. Cé nach mbíonn nanaiphíobáin ach cúpla nanaiméadar ar leithead is féidir leo bheith chomh fada le cúpla milliméadar ar fad. Agus cé gur struchtúir chaola iad tá nanaiphíobáín an-láidir; tá siad 100 uaire níos láidre ná cruach. Seolann siad leictreachas chomh maith, ach ní sa ghnáthdhóigh, ach go balaistíoch. Dá bhrí sin, nuair a chuirtear ardvoltas leis na nanaíphíobáin scaoiltear leictreoin astu mar a bheadh gunna gathanna ann. Bí ar d'fhaicheall ar ghunna gathanna mar seo sa chluiche!
|
| Allatróip Carbóin |
Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh 
|
|
| |
 |
|
| Nanaileicteonaic |
 |
 |
| |
| |
 |
I 1965 thuar George Moore, comhbhunaítheoir Intel, go mbeadh dúbláil ar luas agus ar chumhacht ríomhairí gach 18 mí. Bhí an ceart aige go dtí seo ach roimh i bhfad sroichfidh an teicneolaíocht thraidisiúnta teorainn a luais. Faoi láthair tá taighdeoirí nanaitheicneolaíochta ag iarraidh teacht ar bhealaí chun ciorcaid a dhéanamh atá níos lú agus níos gasta. Agus san am atá le teacht beidh na ciorcaid seo ina bpróiseálaithe.
Sa phictiúr tá Orla ina seasamh ina aice le Próiseálaí Candaim. Is ficsean eolaíochta é seo ar ndóigh ach tá taighdeoirí nanaitheicneolaíochta ag baint úsáide as airíonna Candaim ar nós guairne faoi láthair chun comhpháirteanna leictreonacha na todhchaí a chur le chéile.
CRANN - Centre for Research on Adaptive Nanostructures and Nanodevices. Is lárionad foirfeachta é CRANN a bhfuil clú idirnáisiúnta air i dtaighde nanaitheicneolaíochta agus tá sé bunaithe i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath. Déanann taighdeoirí CRANN taighde i réimsí éagsúla, ina measc, leictreonaic guairne, bitheolaíocht na cille, agus uathfhorbairt nanastruchtúr. Tá INTEL, príomhdhéantóir próiseálaithe ar domhan, ar cheann de pháirtithe tionsclaíocha taighde atá ag CRANN.
|
| Tá Orla ina seasamh in aice le próiseálaí Candaim |
Téigh ar cuairt ar láithreán gréasáin chuig CRANN 
|
|
| |
 |
| |
|
| Cealla, na nanaighléasanna is fearr! |
 |
 |
| |
| |
 |
I réimse amháin den nanaitheicneolaíocht déanann eolaithe staidéar ar chealla. Déanann siad seo toisc gurb iad na cealla na nanaighléasanna is iontaí agus is iomláine dá bhfuil ann. Smaoinigh ar na rudaí éagsúla a dhéanann cealla sa chorp:
- Próiseálann cealla inchinne eolas agus stórálann siad é
- Déanann cealla ae ceimicí coimpléascacha
- Iompraíonn fuilchealla dearga ocsaigin agus dé-ocsaíd charbóin
- Cosnaíonn na cealla bána an corp ó víris agus ó bhaictéir
- Crapann cealla na matáin agus scaoileann siad nuair a chuirtear leictreachas leo
- Tarchuireann nearchealla eolas agus comharthaí tríd an gcorp
Murar leor é seo mar chúis iontais, smaoinigh ar na cineálacha éagsúla ceall a fhorbraíonn ó fhoinse amháin, an ghaschill. Go han-luath sa bhroinn téann comhartha ceimiceach i bhfeidhm ar na gaschealla chun cineáil áirithe ceall a dhéanamh,(nuair a théann an comhartha seo mar chomhartha hormónach nó meicniúil i bhfeidhm, cuireann sé tús le difreáil). Ní thuigeann taighdeoirí an proiseas seo go hiomlán, ach tá a lán suime acu ann.
Beidh cuid nua tríthoiseach den chluiche Nanoquest ar fáil go luath inar féidir leat taiscéalaíocht a dhéanamh ar thaobh istigh de chill.
|
| Fuilchealla agus gaschill (ag an mbun) |
Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh 
|
|
| |
 |
|
| An Nanaitheicneolaíocht i do shaol! |
 |
 |
| |
| |
 |
Tá an nanaitheicneolaíocht ag dul i bhfeidhm cheana féin ar bhianna nua, ar fheistí leighis, ar fhearais tástála sláinte, ar bhraiteoirí le haghaidh córas slándála, ar aonaid ionú uisce ar spásarthach a bhfuil foireann air, ar chluichí ríomhaire boise, agus ar scáileáin ardtaifigh.
Tá an nanaitheicneolaíocht in úsáid cheana féin i sciath ghréine nua agus tá sí ar fheabhas mar chosaint i gcoinne gathanna ultraivialait díobhálacha. Tá nanacháithníní ocsaíd since sa sciath ghréine a chuireann bac ar ghathanna na gréine.
Sa leigheas tá taighdeoirí na nanaitheicneolaíochta ag déanamh staidéir ar úsáid na nanacháithníní chun drugaí a iompar chuig áiteanna áirithe sa chorp. Thiocfadh an modh seo a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar chealla ailse gan aon dochar a dhéanamh do na cealla sláintiúla in aice leo.
Mar a tharlaíonn ina lán réimsí nua eolaíochta tá díospóireacht ann faoi shábháilteacht na nanaitheicneolaíochta. Chun déileáíl leis seo tá rialtais ag soláthar treoirlínte chun úsáid agus taighde na teicneolaíochta nua a rialú de réir mar a fhorbraíonn sí..
|
| Nanaisciath ghréine |
Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh 
|
|
| |
 |
|
| |
|
An bhfuil tú ag lorg fíorleideanna? Bain triail anseo!
|
|
|
| |
|