Nanoquest
BAILE IMIR SCÓIR ARDA TAISCÉAL MÚIN TACAÍOCHT EOLAS FAOI
 
Cad is nanaitheicneolaíocht ann? Ar leanúint. .
 

Cé gur réimse sách nua í an nanaitheicneolaíocht tá an cine daonna ag baint tairbhe aisti cheana féin. Tá nanaitheicneolaíochtaí ag teacht chun cinn a rachaidh i bhfeidhm ar ár saol ar bhealaí nach féidir linn a thuar sna blianta fada romhainn, agus tá réimse féideartha feidhmeanna ag fás go síoraí. Tá nanaitheicneolaíochtaí ar tí an chéad ghlúin eile de mhicrileictreonaic a sholáthar chun an tóir ar ghléasanna bídeacha a shásamh. Tá eolaithe ag súil le córais nua drugaí a iompróidh na drugaí díreach chuig an áit a bhfuil an phian nó an tinneas. Tá feidhmeanna féideartha eile ann a bhaineann le teicníocht íomháithe leighis agus le próistéitic agus le ríomhaire cuimhne agus le breosla-chealla.

Tá an nanaitheicneolaíocht in úsáid cheana féin i dtáirgí thart timpeall orainn. Inniu tá cnoga ollmhóra maighnéadfhriotaíochta (GMR) ar chruadhiosca ríomhaire, agus trí shráitheanna nanathanaí d'ábhar maighnéadach, cuidíonn siad le méadú mór a dhéanamh ar thoilleadh stórais. Tá nanaitheicneolaíocht in úsáid sna maidí gailf a úsáideann Tiger Woods, Pádraig Harraington agus imreoirí eile. Tá ábhair nanachumaisc a bhfuil nanacharbón agus nanaithíotáiniam iontu sna maidí gailf agus dá bharr seo tá ísealdlús agus ardneart iontu agus cuidíonn siad le feabhas a chur ar scileanna an imreora. Is faide agus is dírí a bhuailfidh an maide an liathróid. Tá uachtar in éadan aoise forbartha ag déantóir iomráiteach agus tá lipeasóim iontu, mar atá, nanaisféir, agus tá táirge in éadan aoise (próireitineach A sa chás seo) sna nanaisféir. Is féidir leis na nanaisféir dul isteach go domhain san eipideirm agus scaoileann siad an táirge in éadan aoise ansin. Tá teicnic mar seo á forbairt sa leigheas mar a mbeidh na hoibreáin ghníomhacha gafa sa nanaphóir, mar atá, uachtair a iompróidh na drugaí. Tá éadaí ann a bhfuil ábhar nanachumaisc iontu atá friotaíoch in éadan smál agus roc-obach sna siopaí cheana féin. Tá bindealáin in úsáid agus tá cóiriú cosanta frithmhiocróbach iontu. Baineann an cóiriú seo sna bindealáin úsáid as nanaichriostail airgid. Cuireann seo le hachar dromchla an chóirithe agus dá bharr seo tá sé níos éifeachtaí. Is féidir na bindealáin a úsáid ar cneácha agus ar bhaill dhóite

CRANN - Centre for Research on Adaptive Nanostructures and Nanodevices Is lárionad foirfeachta é CRANN a bhfuil clú idirnáisiúnta air i dtaighde nanaitheicneolaíochta agus tá sé bunaithe i gColáiste na Trionóide. Tá 80 taighdeoir ag obair ar an taighde is deireanaí sa nanaitheicneolaíocht agus tá siad ar tí bogadh chuig foirgneamh a tógadh le sainchuspóir taighde a dhéanamh ar an nanaítheicneolaíocht i gColaíste na Trionóide go luath i 2007. Beidh áiseanna den scoth ann chun cuidiú leis na 120 eolaí a bheidh ag obair ann. Beidh saotharlanna acu nach gcuirfidh an creathadh is ísle isteach orthu sa dóigh agus go mbeidh siad in ann tomhais an-bheacht a dhéanamh ar struchtúr ar nanascála. Beidh seomraí den chuid is nua-aimseartha ann mar a mbeidh siad in ann cáithníní déannaigh a scagadh amach chun na seomraí a choinneáil fíorghlan, agus dá bharr seo, beidh siad in ann rudaí bídeacha d'ardíonacht a dhéanamh. Cuirfidh CRANN Éire i measc na dtíortha atá ag dul chun cinn sa réimse nua réabhlóideach seo agus é ag baint úsáide as a shármhaitheas eolaíoch le tacaíocht Science Foundation Ireland agus TCD, saineolas INTEL Ireland, Hewlett-Packard Manufacturing Ltd. agus le comhpháirtithe tionsclaíocha eile, agus suim dhaoncháirdiúil phríobháideach an Dr. Martin Naughton. Níl aon chríoch leis na féidearthachtaí a bhaineann le póist sa nanaitheicneolaíocht má chuirtear réimse ollmhór na bhfeidhmeanna san áireamh atá cheana féin sa tionscal. Níl de dhíth ar dhuine ach suim sa domhan agus cáilíocht eolaíochta nó cáilíocht innealtóireachta. Chuidigh taighdeoirí CRANN le déanamh NanoQuest. Le tuilleadh a fháil amach faoin taighde atá ar siúl i gCRANN téigh chuig www.crann.tcd.ie CRANN    Ar ais

 

Chun tuilleadh a fháil amach faoin nanaitheicneolaíocht tá clár físe ag the VEGA science Trust.   Féach ar an bhfíseánREQUIRES REAL PLAYER

 
 
Cóipcheart (c) 2006 Forfás. Fógraí dlí   |  Inrochtaineacht  |  Príobháideachas  |  Mapa Laithreáin