Nanoquest
BAILE IMIR SCÓIR ARDA TAISCÉAL MÚIN TACAÍOCHT EOLAS FAOI
Eolas le haghaidh MúinteoiríInformation for Teachers
 

Is réimse nua eolaíochta í an Nanaitheicneolaíochta a bhaineann le fisic, ceimic agus bitheolaíocht. Cé go mbaineann cuid mhaith den Nanaitheicneolaíocht le taighde ceannródaíoch tá a lán topaic a bhaineann le curaclam eolaíochta na sscoile. Ar an leathanach seo taispeánfaimid naisc an churaclaim duit.

Is í aidhm an tionscadal Nanoquest chun suim páistí scoile a mhúscailt sa nanaitheicneolaíocht agus san eolaíocht i gcoitinne. Chun seo a dhéanamh roghnaíomar cluiche tríthoiseach ríomhaire atá taitneamhach dúshlánach le himirt. Má bhíonn deacrachtaí agat agus tú ag imirt an chluiche bain úsáid as na fiseáin thíos chun gach leibhéal a nochtadh agus míneodh siad cad atá ag tarlú ó thaobh cluiche de agus ó thaobh dhearcadh oideachasúil an chluiche.

Ar leibhéal 2 den chluiche is ábhar speise oideachasúil é an Nanaighailearaí. Is féidir le himreoir foghlaim faoin nanaitheicneolaíocht anseo agus a lán topaic in eolaíocht an teastais shóisearaigh ar bhealach suimiúil. Chun dul díreach chuig an ngailearaí coinnigh an eochar shift síos agus brúigh '2' agus tú i roghchlár an chluiche. Oibríonn seo ar leibhéil eile chomh maith, mar shampla, chun dul go leibhéal 3 coinnigh shit síos agus brúigh '3'.

 

 
Leibhéal an Chluiche Fiseán Cur Síos Naisc Curaclaim
collect nanocar parts play video

Leibhéal 1 Bailigh Codanna den Nanaghluaisteán

Ritheann an carachtar timpeall timpeall an tírdhreacha criostail ag bailiú codanna chun nanaghluaisteán a chur le chéile

  • OC1: Staideanna Ábhar
  • OC3: Dúile
  • OC4: Ábhair
  • OC17: Criostail
  • OP48: Leictreachas Statach
 
nanogallery play video

Leibhéal 2 An Saotharlann agus am Nanaghailearaí

Caithfidh an carachtar an Micreascóp Forsaigh Adamhaigh a fháil agus a chur ar siúl. Is féidir leo siúl timpeall an nanaghailearaí agus fíricí faoin nanaitheicneolaíochta a fhoghlaim

  • OB13: Fuilchealla
  • OB37: DNA
  • OB43: Cealla
  • OC3: Dúile
  • OC4: Ábhair
  • OC27: Dé-ocsaíd Charbóin
  • OC32: Uisce
  • OC39-43: Struchtúr Adamhach móilíneach
  • OP4: Fórsa
 
AFM play video

Leibhéal 3 Cuir an Nanaghluaisteán le chéile leis an MFA

Ar an leibhéal seo, léiríonn an cluiche conas a chuirfeadh an Micreascóp Fórsa Adamhaigh nanaghluaisteán le chéile.

  • OP4: Fórsa
  • OC3: Dúile
  • OC4: Ábhair
 
Nanocar play video

Leibhéal 4 Tiomáin an Nanaghluaisteán

Caithfidh an carachtar an nanaghluaisteán a thiomáint tríd an tírdhreach criostail chun an poll peiste scálaithe a fháil.

  • OP4: Fórsa
  • OP5: Frithchuimilt
  • OP48: Leictreachas Statach
 
Quantum CPU play video

Leibhéal 5 Deisigh an Próiseálaí Candaim

Tá an carachtar ar dhromchla próiseálaí loiscthe. Caithfidh siad an damáiste a dheisiú agus an poll peiste a fháil chun éalú ón nanadhomhan.

  • OP45-47: Maighnéadas
  • OP50: Ciorcaid Leictreacha
  • OP53: Iarmhairt teasa srutha
  • OP57-60: Leictreonaic
 
 

Leabhrán nanaitheicneolaíochta

Cuireann an leabhrán síos ar an nanaitheicneolaíocht agus ar a húsáidí  Féach ar an leabhrán

Gníomhaíocht Ranga - Déan Millín Bucaí

Sa ghníomhaíocht seo is féidir leat úsáid a bhaint as teimpléad gearrtha amach chun Millín Bucaí a chur le chéile   Féach ar an ngíomhaíocht

 
 
Cóipcheart (c) 2006 Forfás. Fógraí dlí   |  Inrochtaineacht  |  Príobháideachas  |  Mapa Laithreáin